Is é an cnuasach seo, Pietas, an ceathrú bunchnuasach Gaeilge leis an bhfile Bríd Ní Mhóráin. Is iad leochaileacht na beatha fisiciúla agus tábhacht na ndlúthchaidreamh daonna an dá mhórthéamaí ag Bríd agus sa chnuasach seo téann sí i ngleic arís le cuid de na mórthéamaí atá á saothrú aici ón tús ina cuid filíochta.

This is the fourth collection of Irish poetry from Bríd Ní Mhóráin. The vulnerability of physical life and the importance of close relationships between people are the principal themes in this collection in which Ni Mhorain tackles the majors themes which have appeared throughout her poetry from the beginning.

Is file Duibhneach go smior í Bríd Ní Mhóráin, mar ba léir óna cuid oibre go dtí seo. Agus ní le fonn í a chúngú in aon tslí a deirim sin; is file í go bhfuil cúrsaí domhanda go mór chun tosaigh ina cuid saothair. Ach tá tírdhreach, fásra agus pearsaon Chorca Dhuibhne ina gcuid lárnach den mbailiúchán seo [Síolta an Iomais]...Tugann sé seo logántacht don bhfilíocht a luíonn go deas leis an idiráisiúntacht ábhair atá ann chomh maith. - Paddy Bushe (Feasta)

Sa wikiepedia iontach sin leis an Duiníneach ar a dtugtar go tur 'Foclóir', tá míniú ar 'iomas gréine': a sun-bubble caused on herbs which if eaten gives the gift of poetry. Is léir gur aimsigh an file seo an béile draíochta seo di féin. Is scríbhneoir lánaimsire gairmiúil an file seo agus tá a riansin uirthi. Is breá an rud é go bhfuil a lithhéidí ag saothrú sa Ghaeilge anois. - Seán de Fréine (Foinse)

Ní hamháin go bhfuil friotal canta ár seanamhuintire ar a toil aici, ach is oidhre í ar a ndínit agus ar an meas tomhaiste a bhí acu orthu féin. Is minic searbh a taithí ar ár laethanta ach ní chreimeann aon tseirfean an meán gan cháim a shaothraíonn sí, ná ní mhúchann aon damhna bróin an fhéin dhílis ghrinn inti féin. - Máire Mhac an tSaoi (Réamhrá: Fé Bhrat Bhríde)

ISBN: 9781903896624

€ 9.60  Save €2.40 (RRP €12.00)

In Stock.

Usually despatched in 1-2 working days

Date of Publication: 05/10/2010

  
Cover of Pietas - Bríd Ní Mhóráin - 978190389662420% offPaperback