Cré Na Cille

by Máirtin Ó Cadhain

Ó bhás go críoch, ní críoch ach athfhás, a deair an t-amhrán, agus nach rábach agus nach fiáin an t-athfhás a tháinig ar charactair an úrscéil seo. Mar níl suaimhneas síoraí ná suaimhneas de chineál ar bith i ndán do na mairbh sa reilig anaithnid seo arb é suiomh an scéil seo é, ach chuile aighneas, chuile easaontas, chile chnámh spairne beo a bhí ag cur as do na mairbh a bhí siad os cionn talúna, iad te bruite á dtarraingt anuas aríst agus aríst eile. Agus níl duine ar bith is fearr chuige seo ná Caitríona Pháidín, príomhcharachtar an leabhair, bean atá in árach a deirfíre Neil le blainta fada agus áta ar bith ar bís go gcloise sí trácht ar uachta deirfiúr eiloe léi, Baba, atá i Meiriceá. Gan trácht ar an gcrois de ghlaschloich an Oileáin atá geallta a bheith tógtha os a cionn. Cinnte, tá na mairbh ag caint ach an bhfuil aon duine ag éisteacht? Is críonna a té a déarfadh. . .

ISBN: 9781784441500

€ 25.00 

In Stock.

Usually despatched in 1-2 working days

  
Cover of Cré Na Cille - Máirtin Ó Cadhain - 9781784441500Hardback